Seirbhísí » Pearsanra

Soláthraíonn an Roinn Phearsanra tacaíocht Acmhainní Daonna do na ranna éagsúla i gComhairle Cathrach Chorcaí chun cáilíocht de chuid seirbhísí na Comhairle don phobal a fheabhsú. Baintear é seo amach trí an fhoireann is fearr agus is féidir a fhostú, ár bhfoireann a chur faoi ardchaighdeán oiliúna, leas ár bhfostaithe a chinntiú agus caidreamh tionsclaíoch dearfach a chur chun cinn ar fud na heagraíochta.

Rothaíocht chun na hOibre

Cycle to Work Scheme

Cuireann an scéim seo rothaíocht chun nó ón obair chun cinn i measc fostaithe na Comhairle. Féadfaidh fostaithe pacáistí rothaíochta chun na hoibre a cheannach ó sholáthraithe roghnaithe trí aontú a dhéanamh cuid dá dtuarastal a ghéilleadh chun costas an phacáiste a chlúdach.

Tá an Chomhairle, trí scéimeanna mar seo a thabhairt isteach, ag cur modhanna malartacha um thaisteal chun agus ón obair chun cinn, as a mbaintear na tairbhí seo a leanas: 

  • cuirtear úsáid modhanna iompair eile chun na hoibre chun cinn
  • spreagtar stíl mhaireachtála níos sláintiúla d’fhostaithe
  • laghdaítear líon na bhfeithiclí ar an ngréasán bóithre
  • laghdaítear astuithe a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol
Déan Teagmháil Linn

Uaireanta Oifige: 9 r.n. go 5 i.n. Luan go hAoine seachas laethanta saoire poiblí

ckc-phone-icon-58w.jpg Uimh. Ghutháin: (021) 492 4240
Earcaíocht
: (021) 4924240
Caidreamh Tionsclaíoch: (021) 4924125
Leas
: (021) 4924226
Oiliúint: (021) 4924419
Uimh. Facs (021) 492 4666

ckc-typewriter-icon-58w.jpg Roinn Phearsanra, Halla na Cathrach, Sráid Anglesea, Corcaigh.

ckc-email-icon-58w.jpg Rphost: personnel@corkcity.ie

Cad a Dhéanaimid?

Tá an Roinn Phearsanra eagraithe i gceithre rannóg 

  • Earcaíocht – atá freagrach as earcaíocht, struchtúr foirne agus eagrúchán 
  • Leas – atá freagrach as bainistíocht ar chláir leasa foirne na Comhairle, saoire de gach cineál, scéimeanna oibre neamhthipiciúla.
  • Caidreamh Foirne – a dhéileálann le hidirbheartaíochtaí ceardchumainn, forfheidhmiú & monatóireacht ar chomhaontuithe, pá & coinníollacha fostaíochta. 
  • Oiliúint – a eagraíonn agus a dhéanann bainistiú ar an bhfeidhm oiliúna lena n-áirítear soláthar oiliúna dírí, scéimeanna cúnaimh d’oiliúint foirne, tacaíocht oiliúna ar an láthair oibre.
An raibh a fhios agat?
  • Go bhfostaíonn Comhairle Cathrach Chorcaí os cionn 1400 duine i gCathair Chorcaí.
  • Go bhfuil an fhoireann fostaithe in os cionn 100 cineál gráid éagsúil.
  • Go n-oibríonn na fostaithe seo i ngráid bhainistíochta, ghairmiúla, teicniúla, riaracháin, cheardaíochta agus ghinearálta.