Is mór an dul chun cinn atá déanta i gcúrsaí na Gaeilge ag Comhairle Cathrach Chorcaí ó 1992 i leith, go háitihe trid ár Plean Gníomháíochta don Ghaeilge agus le deanaí leis an Scéim Teanga 2007 - 2010. Do B'iad aidhmeanna an Plean Gníomhaíochta ná.
De bharr ne deo-thola ón bhfoireann i gcoitinne agus, go háirithe, ón mBainistíocht tá stádas an - ard ag an nGaeilge sa Chomhairle anois agus an stádas céanna ag an Comhairle Cathrach Chorcaí féin, ó thaobh na Geailge de, i measc Rialtais Áitiúla eile.
Ghlac an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Eamon Ó Cuív le déanaí le Scéim Teanga Chomhairle Cathrach Chorcaí 2007 - 2010. Faoin Scéim, atá i bhfeidhm do thréimhse 3 bhliain ón 31ú Deireadh Fómhair 2007, geallann an Chomhairle feabhas ar leith i Stiúrthóireachtaí agus Ranna ainmnithe agus go ginearálta comhfhreagras níos fearr tríd an eagrais. Is féidir an Scéim a íoslodail tríd an nasc Comharile Cathrach Chorcaí 2007 - 2010 faoi Publications ar ár Súiomh idirlín.
Éinne againn a bhíonn ag plé le cúrsaí na Gaeilge, tuigimid go maith agus go rí-mhaith gur snámh in aghaidh easa é, don chuid is mó de. Mar an gcéanna dúinne sa Comhairle Cathrach Chorcaí, ach de réir a chéile d'éirigh linn an Ghaeilge a bheith glactha mar ghnáthchuid de obair an Comhairle Cathrach Chorcaí. Tá cómharthaí dhá-theangacha againn, ranganna Gaeilge agus scéim scoláireachta mar aon le comórtas óraidíochta do scoileanna. Níos mó ná san is léir go bhfuil an dea-thoil abhí ann ó thús fós ann agus í ag méadú in aghaidh an lae.
An rud is mó a chabhródh linn in ár gcuid oibre ná go lorgódh Pobal na Gaeilge seirbhís trí Ghaeilge idir chomhghreagras, fhoirmeacha etc. Ar scáth a chéile a mhairimid.
Is féidir teacht orm ag + 353 (0) 21 4924676 nó ríomh-phost gaeilge@corkcity.ie. Ar scáth a chéile a mhairimid agus is ag obair as lámh a chéile a chuirimíd An Ghaeilge chun cinn.
Chris Dorgan
Oifigeach Forbartha Gaeilge.