Is féidir úsáid a bhaint as an bhfoirm seo chun taifid a lorg ó Chomhairle Cathrach Chorcaí faoi Achtanna um Shaoráil Faisnéise.
Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm d’Údaráis Áitiúla ar an 21 Deireadh Fómhair, 1998. Tugann an tAcht seo cearta do dhaoine teacht ar thaifid atá ag an Comhairle Cathrach. Ní mór don Chomhairle Cathrach míniú a thabhairt duit mura dtugann siad duit an rud atá uait. De gnáth, ní mór breithiúnas a thabhairt ar d’iarratas laistigh de cheithre seachtaine.
Is féidir leat na taifid seo a leanas, atá in seilbh ag an Comhairle Cathrach a lorg:
Más ag cur isteach ar thaifid neamhphearsanta atá tú is gá táille €15 a bheith leis an bhfoirm seo. Más sealbhóir cárta leighis tú, táille laghdaithe de €10 atá i gceist. Tá seans ann go mbeidh ort íoc as an am a caitear ag lorg taifead (€ 20.95/uair a’ chloig) agus ar chóipeáil (€ 0.04/leathanach). Go ginearálta ní bheidh aon chostas ar eolas pearsanta.
Is féidir muna bhfuil tú sásta le cinneadh an Chomhairle i leith iarratais ar Shaoráil Faisnéise is féidir leat “athbhreithniú inmheánach“ a lorg. Déanfaidh Oifigeach níos sinsearaí athbhreithniú ar d’iarratas. Tabharfar toradh an athbhreithnithe seo duit laistigh de thrí seachtaine. Is gá taille €75 a íoc má tá tú ag lorg athbhreithniú inmheánach ar thaifead neamhphearsanta . Más sealbhóir cárta leighis tú, táille laghdaithe de €25 atá i gceist.Muna bhfuil tú sásta le cinneadh an “athbhreithnithe inmheánach” is féidir leat iarraidh ar an gCoimisinéir Faisnéise athbhreithniú a dhéanamh air.
Tá teacht ar Achtanna um Shoaráil Faisnéise 1997 agus 2003 le fáil ó Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, Sráid Molesworth, Baile Átha Cliath 2.
Lion an fhoirm iarrthas nó seol litir ina luafar na taifid atá uait, ag míniú go bhfuil an iarrthas faoi Achtanna um Shoaráil Faisnéise 1997 agus 2003 agus seol chuig an seoladh thíos. Más ag cur isteach ar thaifid neamhphearsanta atá tú bí cinnte go bhfuil an táille cuí leis an iarrthas.
Gach eolas eile ó
Oifigeach um Shaoráil Faisnéise,
Roinn Gnóthaí Corparáideacha,
Comhairle Cathrach Chorcaí,
Halla na Cathrach,
Corcaigh.
Fón: 021-4924037 Facs: 021-4314238
Ríomhphost: noreen_mulcahy@corkcity.ie
Iarrthas ar athbhreithniú inmheánach ar bhreithiúnas faoi FOI
Denis O’ Mahony,
Stiúrthóir Seirbhísí ,
Roinn Gnóthaí Corparáideacha,
Comhairle Cathrach Chorcaí,
Halla na Cathrach,
Corcaigh .
Ba cheart iarrtais don Coimisinéir Faisnéise a sheoladh go
Emily O’ Reilly,
Oifig an Choimisinéir Faisnéise,
18 Sráid Leeson Uachtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Fón: Lo-Call 1890 223030
Facs: 01-6395674
Ríomh-phost: info@oic.ie